Read an Excerpt
‘Chuaigh an t am thart. D’fhás an gasúr beag suas go raibh sé ina stócach agus ansin go raibh sé ina bhuachaill breá cumasach. Choinnigh a bhunadh an tairngreacht a rinneadh ceilte air, nó bharúil siad nach mbeadh sí ach ag déanamh imní dó. Fá dheireadh nuair a bhí an t ógfhear fá sheachtain de bheith bliain agus fiche d’aois thug a mháthair léi é agus d’fhág é faoi chúram agus coimirce na mBráithre i Mainistir Dhún na nGall. Mheas sí go mb’fhéidir go mbeadh sé sábháilte ansin nó go dtéadh an drochuair thart. Na manaigh bhí siad ina gceann maith dó. Agus bhíothas á choimhéad i ngan fhios dó féin, nó d’fhanadh manach amháin i gcónaí ina chuideachta. An lá deireanach den tseachtain – bliain agus fiche cothrom agus an lá a rugadh é – bhí sé féin agus fear de na bráithre ina suí ar an taobh amuigh den mhainistir. Thug an bráthair fá deara nach raibh an t ógfhear chomh haigeanta, croíúil agus a bhíodh sé na laethe roimhe sin. Bhí sórt de dhroim dubhach nó d’imní ag teacht air. Ghabh an bráthair amhrán le cian a thógáil de, ní raibh gar ann. Fá dheireadh labhair an t ógfhear.
‘Tchím uan beag deas ar an taobh thall den abhainn,’ ar seisean. ‘Nach mairg gan é abhus agam! Rachad anonn ar a lorg!’
‘Ní rachaidh fad do choise,’ arsa an bráthair. ‘Ba bhocht leatromach an mhainistir nach mbeadh sréadaí inti. Cuirfimid sréadaí fá choinne an uain.’
‘Chuir. Tugadh anall an t uan agus chaith an t ógfhear tamall á mhuirniú agus á chuimilt. Ach fá dheireadh thug sé don talamh é, agus thosaigh a longadán agus a mhonabhar agus a éirí míshuaimhneach arís. Sa deireadh thug sé a aghaidh ar an bhráthair.
‘Bheirim fá deara fraochóga ag fás ar an taobh thall den abhainn,’ ar seisean. ‘Rachaidh mé anonn a chruinniú gogáin acu. Cá fearr domh i mo shuí anseo?’
‘Maise, ní rachaidh fad do lúidín!’ arsa an bráthair. ‘Ba bhocht leatromach an mhainistir nach mbeadh giolla inti. Cuirfimid giolla ar lorg na bhfraochóg.’
‘Chuir. Tugadh anall na fraochóga, ach nuair a fuair an t ógfhear iad ní bhlaisfeadh sé oiread agus ceann amháin acu. I gceann tamaill arsa seisean leis an bhráthair:
‘Tá mé i bhfách go mór a ghabháil a iascaireacht. Níl an mhainistir gan an oirnéis.’
‘Níl, ná gan fear a láimhdeachais,’ arsa an bráthair. ‘Ach níl riachtanas le hiascaireacht inniu. Níl cineál ar bith d’éisc abhann ón bhradán go dtí an gilidín nach bhfuil sna miasa againn ó aréir anuas. Má tá toil agat dóibh siúil leat isteach.’
‘Níl faic na fríde d’aird agam orthu,’ arsa an t ógfhear, agus ansin thost sé. Ach ní dheachaigh cúig bhomaite thart gur phreab sé ina sheasamh agus thug iarraidh ar an abhainn le rása. Ach níor ghaiste agus níor choimhéadaí an cat ná an coimhéadaí. Bhí an bráthair ar a bhonna agus ina dhiaidh le luas fáinleoige. Agus go díreach nuair a bhí an t ógfhear ar bhruach na habhann fuair an fear a bhí ina dhiaidh greim muineáil agus droma air. Thosaigh an streachailt agus an choraíocht.