Read an Excerpt
“Teora níl lena bhfuil de leabhair á ndéanamh.” Nach iomaí lá agus oíche – agus bliain agus céad bliain – a chuaigh thart ó chaith Solamh an chaint sin. Dá maireadh sé inniu céard nach n abródh sé! Tá leabhair ag teacht orainn ina dtaoidí agus ina dtuilte, olc maith agus measartha. Ach is léan liom a lua nach mórán leabhar Gaeilge atá orthu.
Nach iomaí duine a bhfeicfidh tú leabhar ina láimh inniu agus nach beag a mhachnaíos ar a shócúlaí is atá an saol aige seachas mar a bhí ag ár sinsear, nuair ba bheag duine ach toicí nó tiarna dúiche a mbeadh ar a chumas leabhar a cheannach; agus ba lú ná sin go mór fada a mbeadh ar a gcumas leabhar a léamh, b’fhéidir, bíodh i ndán go raibh a leithéid acu. Seacht scóir loilíoch a fuair Clann Donnchadha na Céise ar Leabhar Bhaile an Mhóta, agus ceapadh go raibh sé saor!
Céard a déarfá dá mbuaileadh fear an phoist chugat ar maidin agus bríce nó leac cloiche nó pláta miotail a chur isteach i do ghlaic agus a rá leat bheith ag léamh? Nach ort a bheadh an t iontas! Ach bhí lá ann agus dá dteastaíodh ó dhuine litir a chur chuig duine eile, is mar sin a bheadh air a dhéanamh. Is dochreidte an rud é, cinnte, ach litreacha den tsórt sin a scríobhadh sa Bhaibealóin na mílte bliain ó shin, tá siad le feiceáil agus le léamh agat inniu má bhuaileann tú isteach sa British Museum, i Londain, lá ar bith.
Is é an chéad rud a bhéarfas tú faoi deara, bíodh i ndán nach féidir leat a léamh féin, a dheise is atá na litreacha déanta. Ar bhrící sorcóracha atá siad greanta. Rinneadh an bríce as an gcré bhoig, agus ansin cuireadh na litreacha air agus ligeadh dó triomú agus cruachan. Agus tá an oiread sin brící acu ann – “leabharlann” mhór! Cuntas cruinn inti ar an Dílinn agus ar na heachtraí a bhain léi, gan trácht ar a lán eile.
Ciníocha eile, ar chlocha agus ar adhmad a scríobh siad. Sa tír seo againn féin is cosúil go gcoinnítí cuntais ar an dá bhealach. Bhí an ogham coiteann go maith, agus tá sí le feiceáil againn ar chlocha go fóill. Agus maidir leis an adhmad, is minic cur síos sa tseanlitríocht ar na “taibhle fileadh” a bhíodh in úsáid i dtús báire i scoltacha na mbard. Nuair a chuirtí laoch nó duine ardnósach ar bith, tá sé againn go dtógtaí “a lia ós a leacht” agus go scríobhtaí a ainm “in ogham craobh”.
Dlíthe Solon, b’ar thaibhléid adhmaid a bhí siad rionnta, agus iad crochta ansin san Acropolis le léamh ag an bpobal. Dhá thaibhléid déag an tseandlí Rómhánaigh, b’ar chlocha a greannadh iad. Cuntais a mbeadh tábhacht ar leith ag baint leo chuirtí ar phlátaí tanaí eabhra nó cré umha nó luaidhe iad, agus ba mhinic tuislí orthu, ionas gurbh fhéidir iad a oscailt agus a dhúnadh, mar a dhéanfá le leabhair an lae inniu. Bhaineadh na Gréagaigh agus na Rómhánaigh leas freisin as taibhléid bheaga adhmaid a mbíodh céir smeartha orthu, agus scríobhtaí ar an gcéir bhoig le stíleas a mbíodh gob géar air mar atá ar an bpeann luaidhe. B’fhusa sin i bhfad ná a bheith ag gearradh na litreacha ar chlocha nó ar mhiotal nó ar an adhmad féin, agus ba mhór an luas ar an léann é.
Ach nuair a fuair na hÉigiptigh amach gurbh fhéidir leas a bhaint as cineál giolcaí le páipéar a dhéanamh aisti ba mhór ar fad an chéim chun tosaigh é, agus ba mhór a chuidigh sé leis an litríocht. Ba é seo an phaipír as a dtáinig “páipéar”. Fritheadh cuid de seo in uaigheanna san Éigipt, go minic lenár linn féin, agus an scríbhinn beagnach chomh soléite air agus a bhí nuair a cuireadh sna huaigheanna é na mílte bliain ó shin.
B’ar an bpáipéar seo a thosaigh an pheannaireacht ornáideach á déanamh, agus an soilsiú iontach ar na ceannlitreacha, agus ar leanadh dóibh sa tír seo féin nuair a tháinig scoltacha na manach. An leabhar is iontaí ar an domhan le soilsiú agus le peannaireacht, Leabhar Cheanannais, atá i Leabharlann Choláiste na Tríonóide, nach de shaothar ár gcuid manach féin é. Agus tabhair faoi deara go ndearnadh an pheannaireacht agus an soilsiú seo uilig go léir nuair nach raibh ann ach an cleite, nuair nach raibh dúch ar leith ann mar atá anois, nuair nach raibh an miondracán ann ná spéacláirí féin, cé go bhfuil cuid den dualaíocht atá ar na ceannlitreacha chomh mion mín sin nach féidir le súil dá ghéire a déanamh amach anois gan cúnamh an mhiondracáin. Ba é an meamram a bhí í réim le linn an ama seo. Bhí sé ní ba seasmhaí ná an phaipír, agus b’fhéidir leabhar a dhéanamh de i leaba na liarlóige a níthí den phaipír.
San aonú aois déag tosaíodh ag déanamh páipéir as ceirteacha línéadaigh. Leis an am fritheadh amach gurbh fhéidir a dhéanamh as adhmad, agus is as is mó a níthear an páipéar coiteann anois. Leagtar na mílte crann gach lá le páipéar a choinneáil leis na nuachtáin amháin. Is é an buntáiste is mó a bhaineas leis sin gur féidir le duine ar bith dá bhoichte corrleabhar agus corrpháipéar a cheannach anois, agus gur féidir leatsa a bheith á léamh seo. Dá mbíodh ormsa a chur ar chloich nó ar bhríce nó ar thabhall adhmaid féin, chaithfeá déanamh gan é, agus féach a mbeadh le do chaill leis!
Is anois is féidir a rá, dáiríre píre, go bhfuil teanga sa chrann, teanga ar féidir leis an duine dall féin a léamh.