Cathal

Nuair a bhaineann drochthimpiste d’athair Chathail socraíonn a thuismitheoirí go mbogfaidh siad as Baile Átha Cliath siar go Gaillimh. Cé go bhfuil amhras ar Chathal faoi chinneadh a thuismitheoirí ní deir sé dada leo faoi. Tuigeann sé go bhfuil a thuismitheoirí faoi bhrú. Ach tá Cathal féin faoi bhrú anois agus é ag dul i ngleic lena shaol nua. Tá sé ina chónaí faoin tuath, cé gur buachaill cathrach é. Tá a chairde ar fad i mBaile Átha Cliath agus tá seisean i nGaillimh. Ní fheiceann sé a thuismitheoirí rómhinic de bhrí go bhfuil siad gafa le cúrsaí oibre agus le cúrsaí ospidéil. Agus tá rud éigin aisteach faoin tobar atá istigh i mbuaile síos an bóthar ón teach nua …

1121647259

5.49 In Stock
Cathal

Cathal

by Aoife Ní Dhufaigh
Cathal

Cathal

by Aoife Ní Dhufaigh

eBook

$5.49  $5.90 Save 7% Current price is $5.49, Original price is $5.9. You Save 7%.

Available on Compatible NOOK devices, the free NOOK App and in My Digital Library.
WANT A NOOK?  Explore Now

Related collections and offers

LEND ME® See Details

Overview

Nuair a bhaineann drochthimpiste d’athair Chathail socraíonn a thuismitheoirí go mbogfaidh siad as Baile Átha Cliath siar go Gaillimh. Cé go bhfuil amhras ar Chathal faoi chinneadh a thuismitheoirí ní deir sé dada leo faoi. Tuigeann sé go bhfuil a thuismitheoirí faoi bhrú. Ach tá Cathal féin faoi bhrú anois agus é ag dul i ngleic lena shaol nua. Tá sé ina chónaí faoin tuath, cé gur buachaill cathrach é. Tá a chairde ar fad i mBaile Átha Cliath agus tá seisean i nGaillimh. Ní fheiceann sé a thuismitheoirí rómhinic de bhrí go bhfuil siad gafa le cúrsaí oibre agus le cúrsaí ospidéil. Agus tá rud éigin aisteach faoin tobar atá istigh i mbuaile síos an bóthar ón teach nua …

Product Details

ISBN-13: 9781857918571
Publisher: Foras na Gaeilge
Publication date: 01/01/2012
Series: Séideán Sí
Sold by: Barnes & Noble
Format: eBook
Pages: 80
File size: 1 MB
Age Range: 14 Years

Read an Excerpt

Baineadh an anáil de Chathal. Ba é sin an rud ba lú ar fad a raibh sé ag súil leis. Theastaigh uaidh míle ceist a chur. Ach b’in a raibh d’eolas ag Bean Uí Nualláin dó. Agus ag Ruairí nuair a tháinig sé cúpla nóiméad ina dhiaidh sin. Bhí a chroí ina bhéal ag Cathal nó gur shroicheadar an t-ospideal. Cé chomh dona agus a bhí a athair i ndáiríre? An bhféadfadh sé gur maraíodh sa timpiste é ach nár theastaigh uathu é sin a rá le Cathal féin go fóill? Ba mhór an faoiseamh dó, mar sin, a fháil amach nach raibh a athair i gcontúirt a bháis cé go raibh sé gortaithe go dona. Bhí go leor cnámha briste aige agus dochar déanta dá dhroim, a dúradar. Chaithfí tuilleadh tástálacha a dhéanamh lena fháil amach cé chomh dona agus a bhí a dhroim. Ach bhíodar cinnte faoi rud amháin. Ní inniu ná amárach a bheadh Liam Mac Donnchadha ag dul abhaile.

6

Chaith Cathal uaireanta fada ag coinneáil comhluadair lena athair sna seachtainí ina dhiaidh sin. Théadh sé díreach chuig an ospidéal ón scoil agus thagadh a mháthair isteach tar éis a cuid oibre tráthnóna. Dá mbeadh lá saor ag Cathal chaithfeadh sé an lá ar fad san ospidéal.

Suite le hais na leapan san ospidéal a bhí Cathal nuair a fuair sé amach go raibh athrú mór eile le teacht ar a shaol. D’inis a mháthair dó go bródúil go raibh sí tar éis ardú céime a fháil ag an obair, rud a chiallódh go mbeadh pá i bhfad níos airde anois

aici. Bhí ríméad an domhain ar Chathal an scéal nua sin a chloisteáil. Bhí a fhios aige go mbeadh an t-airgead breise uathu go géar anois agus a athair sínte ar chnámh a dhroma san ospidéal. Ach baineadh siar as nuair a d’inis a mháthair an chuid

eile den scéal dó:

‘Ach tá faitíos orm go gcaithfidh muid bogadh

siar go Gaillimh, a Chathail. Is ansin atá an t-óstán a bhfuil an jab nua seo ann.’

From the B&N Reads Blog

Customer Reviews