Read an Excerpt
CHAPTER 1
athraíonn Fionnuala a hainm
Níor thaitin a hainm féin le Fionnuala.
'Tá sé ró fhada,' ar sise lena máthair. 'Fion-nu-a-la. Ní féidir le mo chuid cairde é a rá i gceart.'
'Muise,' arsa máthair Fhionnuala, 'beidh orainn é a ghearradh mar sin. Cad é do thuairim faoin ainm Fionn?'
'Hmm,' arsa Fionnuala. 'Fionn. Níl mé cinnte faoi sin.'
'Nó Nuala?' arsa a mam.
'Hmm,' arsa Fionnuala. 'Nuala. Níl mé cinnte faoi sin.'
'Ar aon nós, níl ort beart a dhéanamh go díreach anois,' arsa Mam. 'Codladh sámh, a Fhionnuala.'
Ar maidin, dúirt Fionnuala lena máthair, 'Fionn an t-ainm atá orm inniu.'
'Tá go breá, a Fhinn,' arsa Mam. 'Agus cad ba mhian leat a chaitheamh inniu?'
'Mo chuid éadaigh Fionnacha,' arsa Fionnuala. 'Sin iad mo bhuataisí breátha dearga agus mo hata gréine mór liobarnach.'
'Ceart go leor,' arsa Mam. 'Seo dhuit do bhuataisí breátha dearga agus do hata gréine mór liobarnach.'
Chaith Fionnuala an lá uile ag ciceáil i locháin uisce – splúúúúúiiissss! – agus í ag caitheamh a buataisí breátha dearga.
Chroith sí a hata mór liobarnach – cúúúú-húúúúú-íííííííí! – i dtreo na ndaoine a bhí ag tiomáint thart ina gcuid gluaisteán.
An lá ina dhiaidh sin, dúirt Mam, 'Dia dhuit ar maidin, a Fhinn.'
'Ach, ní mise Fionn,' arsa Fionnuala. 'Nuala an t-ainm atá orm inniu.'
'Ceart go leor, a Nuala,' arsa Mam. 'Agus cad ba mhian leat a chaitheamh inniu?'
'Caithfidh mé mo chuid éadaigh Nualacha inniu,' arsa Fionnuala. 'Sin le rá, mo chuaráin shnasta agus an ribín gruaige is galánta dá bhfuil agam.'
'Ceart go leor,' arsa máthair Fhionnuala. 'Do chuaráin shnasta agus an ribín gruaige is galánta dá bhfuil agat. Seo dhuit.'
Chaith Fionnuala an lá uile ag déanamh cóisir tae – cling, cling – sa ghairdín, agus dhrithligh sí a méara – cúúúíííííííí! – i dtreo na ndaoine a bhí ag tiomáint thart ina gcuid gluaisteán.
'Dia dhuit ar maidin, a Nuala,' arsa Mam an mhaidin ina dhiaidh sin.
'Ach, ní Nuala an t-ainm atá orm,' arsa Fionnuala. 'Is mise Fionnuala arís.'
'Agus cén fáth?' arsa Mam. 'An bhfuil tú éirithe dóite de do bhuataisí breátha dearga agus de do hata gréine mór liobarnach? Nó an bhfuil tú éirithe traochta de do chuaráin shnasta agus den ribín gruaige is galánta dá bhfuil agat?'
'Níl,' arsa Fionnuala. 'Tá mé tuirseach de bheith i mo dhuine eile. Is mise mé féin arís inniu.'
Botún Bindealáin
Ba bhreá le Fionnuala bheith ag luascadh ar an luascán sa ghairdín.
Huuuíííííííí!
Suas go barr an chrainn silíní.
Suas go dtí an díon.
Suas go dtí an spéir féin.
Lá amháin dúirt Mam le Fionnuala, 'Níor chóir duit luascadh inniu, a Fhionnuala. Mar gheall ar an téad. Tá sí ...'
'Brúite?' arsa Fionnuala.
'Ní go díreach,' arsa Mam. 'Tá sí ...'
'Breoite?' arsa Fionnuala. 'Tá a fhios agam. Tá sí brúite, breoite ... briste.'
'Pé scéal é,' arsa Mam, 'ná téigh ar an luascán go dtí go mbeidh sé deisithe againn.'
Ach ba mhian le Fionnuala luascadh.
Ní raibh cuma bhrúite ar an téad ar chor ar bith.
Ní raibh cuma bhreoite ná bhriste uirthi ach oiread.
Ach nuair a luasc Fionnuala go hard sa spéir, bhris an téad de phreab.
Casadh Fionnuala tríd an aer agus thuirling sí – croith, cnag, críoch – ar an bhféar.
'Eeaaaaadhdhdh!' a scairt Fionnuala. 'Tá mo ghlúin briste.' 'Mo léan,' arsa mam Fhionnuala. 'Ach níl sí briste, a Fhionnuala. Níl ann ach scríob bheag.'
'Tá fuil ann!' arsa Fionnuala de scréach. 'Tá sí briste cinnte!'
'Níl sí briste,' arsa Mam. 'Ach is botún bindealáin atá ann.'
'Cad é sin?' arsa Fionnuala agus í ag caoineadh.
'Nuair a bhíonn timpiste agat agus bindealán uait,' arsa Mam. 'Sin botún bindealáin.'
'Cén sórt bindealán?' arsa Fionnuala.
'Bindealán le Mickey Mouse air,' arsa a máthair. 'Le póigín laistigh.'
'Póg ó Mickey Mouse, an ea?' arsa Fionnuala.
'Ní hea,' arsa Mam. 'Póg uaimse.'
'Ó,' arsa Fionnuala. 'An leigheasfaidh sé sin mé?'
'Ó, leigheasfaidh, cinnte,' arsa Mam.
Chuir Mam bindealán Mickey Mouse ar an nglúin bhriste agus tháinig biseach ar Fhionnuala.
'Ní raibh sé ceart go raibh tú ag luascadh inniu, a Fhionnuala,' arsa Mam níos déanaí.
'Ní raibh,' arsa Fionnuala. 'Tá brón orm.'
'Bhí an t-ádh leat, a chailín,' arsa Mam.
'An t-ádh?' arsa Fionnuala.
'D'fhéadfadh an dá ghlúin a bheith briste agat!' arsa Mam. 'Agus ní raibh ach bindealán amháin againn.'
Fionnuala Fhliuch
Níor thaitin an níochán gruaige le Fionnuala ar chor ar bith.
'Bíonn greadfach i mo shúile,' ar sise. 'Gortaíonn sé thú nuair a bhíonn greadfach i do shúile.'
'Ba chóir duit do shúile a dhúnadh, más ea,' arsa Mam.
'Ach ansin ní bheinn in ann feiceáil,' arsa Fionnuala. 'Ní thaitníonn sé sin liom.'
'Fanfaimid go dtí lá éigin eile mar sin,' arsa Mam.
An lá ina dhiaidh sin, níor thaitin an níochán gruaige le Fionnuala go fóill.
'Téann an t-uisce go léir isteach i mo bhéal,' arsa Fionnuala. 'Bíonn orm é a alpadh agus bíonn blas gallúnaí air agus bíonn sé ag luascadh agus ag ... ag ... tornáil thart istigh i mo bholg, agus ní thaitníonn sé sin liom.'
'Ba chóir duit do bhéal a dhruid,' arsa Mam.
'Ach ní bheinn in ann caint!' arsa Fionnuala. 'Hmmmmmph-mmmph. Ní maith liom gan bheith in ann caint.'
'Fanfaimid go dtí lá eile mar sin,' arsa Mam.
An lá ina dhiaidh sin, níor thaitin an níochán gruaige le Fionnuala go fóill.
'Ritheann an t-uisce isteach i mo chluasa,' ar sise. 'Ní féidir leat cloisteáil nuair a bhíonn do chluasa lán d'uisce. Bíonn sé ag boilg earnach moilg earnach-boilg earnach.'
'Ach tagann an t-uisce amach faoi dheireadh,' arsa Mam. 'Agus is féidir leat cloisteáil arís. Níl ort ach fanacht go dtí go dtagann sé amach, gugalaírugalaí-glug.'
'Ní maith liom mo chluasa a bheith ag glugarnach,' arsa Fionnuala.
'Fanfaimid go dtí lá éigin eile mar sin,' arsa Mam.
An lá ina dhiaidh sin, níor thaitin an níochán gruaige le Fionnuala go fóill.
'Bím ag múchadh-plúchadh,' ar sise. 'Bím leathbháite. Níl sé go deas ar chor ar bith bheith báite.'
'Níl seans ar bith go mbáfar thú,' arsa Mam. 'Casfaidh mise bun os cionn thú agus croithfidh mé an t-uisce asat.'
'Níor mhian liom bheith croite agus mé bun os cionn,' arsa Fionnuala. 'Is maith liom bheith i mo sheasamh díreach i gceart.'
'Cogar, a stór,' arsa Mam. 'Is féidir leat do bhéal a dhúnadh, agus greim a bheith agat ar do shrón, agus beimid críochnaithe gohanatapaarfad.'
'Gohanatapaarfad? An ngeallann tú sin dom?'
'Geallaim,' arsa Mam.
'Ceart go leor,' arsa Fionnuala. 'Agus beidh mé go hálainn ansin, nach mbeidh?'
'Bíonn tú go hálainn i gcónaí, a Fhionnuala,' arsa Mam.
Oíche Mhaith, a Fhionnuala
Níor thaitin an dorchadas le Fionnuala.
'Fágfaimid do sholas oíche ar lasadh,' arsa Mam. 'Ansin ní bheidh sé chomh dorcha sin.'
'Fágfaimid,' arsa Fionnuala. 'Agus caithfidh mé mo chuid pitseámaí bándearga. Ní thaitníonn bándearg leis an dorchadas.'
'An-smaoineamh,' arsa máthair Fhionnuala, agus chuidigh sí le Fionnuala a cuid pitseámaí bándearga a chur uirthi.
'Níl sé ródhorcha,' arsa Mam. 'Is féidir liom do chuid pitseámaí bándearga a fheiceáil. Oíche mhaith, a Fhionnuala.'
'A Mh-aa-maí?' a scairt Fionnuala tar éis tamaillín.
'Cad é?' arsa Mam agus í ag teacht isteach sa seomra. 'Cad atá cearr leat? An é an dorchadas atá ag cur as duit arís?'
'Is é,' arsa Fionnuala. 'Cuireann sé tart orm.'
'Bíodh deoch bheag uisce agat más ea,' arsa Mam.
Bhí deoch bheag uisce ag Fionnuala, agus ansin dúirt Mam, 'Oíche mhaith, a Fhionnuala.'
'A Mh-aa-maí?' a scread Fionnuala tar éis tamaillín.
'Tá sé ag éirí déanach, a Fhionnuala,' arsa Mam. 'Cad atá cearr?'
'An dorchadas,' arsa Fionnuala. 'Tá sé ag cogarnach.'
'Níor chuala mé a leithéid riamh,' arsa Mam.
'Ach tá sé ag cogarnach,' arsa Fionnuala. 'Éist.'
'Tá an ceart agat,' arsa Mam tar éis tamaillín. 'Ach ní hé an dorchadas atá ag cogarnach. Níl ann ach craoibhín agus é ag scríobadh i gcoinne na fuinneoige. Tá sis-siúúúúis ar siúl aige. Sis-siúúúúúis. Sis-siúúúúis.'
'Stad!' arsa Fionnuala. 'Ní féidir liom dul a chodladh má tá rud éigin ag dul sis-siúúúúúis sa dorchadas. Scairtfimid, sa dóigh nach bhféadfaimid é a chloisteáil.'
'Siúúúúúis leat!' a scairt máthair Fhionnuala.
'Sis go brách leat!' a scairt Fionnuala
Ach lean an sis-siúúúúis leis, ag siseáil agus ag siúúúúúiseáil.
'Canfaidh mé amhrán,' arsa Mam ansin, 'agus ní chloisfimid é.'
Dhruid Fionnuala a súile agus chan a máthair léi, 'Seoithín seó.'
Sis-siúúúúis, arsa an dorchadas.
Chan Mam léi, 'Lú-ló-ló', agus níor oscail Fionnuala a súile.
Sis-siúúúúis, arsa an dorchadas.
'Rock-a-bye, baby,' a chan máthair Fhionnuala.
Sis-siúúúúis, arsa an dorchadas.
Ach níor chuala Fionnuala faic.
Mar bhí sí ... ina codladh ... go ... sámh.
Oíche mhaith, a Fhionnuala.
(Continues…)
Excerpted from "Fionnuala"
by .
Copyright © 2014 Siobhán Parkinson.
Excerpted by permission of Little Island.
All rights reserved. No part of this excerpt may be reproduced or reprinted without permission in writing from the publisher.
Excerpts are provided by Dial-A-Book Inc. solely for the personal use of visitors to this web site.